Comhluadar Ceoil - Róisín Chambers & The Bonny Men | Caoineadh na dTrí Mhuire | TG4

Описание к видео Comhluadar Ceoil - Róisín Chambers & The Bonny Men | Caoineadh na dTrí Mhuire | TG4

Sraith cheoil ina mbuaileann Dáithí Ó Sé le cuid de bhannaí agus teaghlaigh ceolmhara na tíre. Beidh comhrá agus ceol den chéad scoth ar an tsraith seo. Seo iad an banna The Bonny Men ag ceol Caoineadh na dTrí Mhuire ar an ceathrú clár sa tsraith seo. Labhraíonn na ceoltóirí le Dáithí Ó Sé faoin saol sa mbanna ar an gclár.

Music series where Dáithí Ó Sé meets with some of Ireland's musical bands and families. There will be plenty of chat, and of course top class music in each programme. This is a clip of the band The Bonny Men performing Caoineadh na dTrí Mhuire on the fourth episode from this musical series.

LYRICS:
A Pheadair, a Aspail,
An bhfaca tú mo ghrá geal?
Óchón agus óchón-ó!
Chonaic mé ar ball é,
Gá chéasadh ag an ngarda.
Óchón agus óchón-ó!

Cé hé an fear breá sin
Ar Chrann na Páise?
Óchón agus óchón-ó!
An é n-aithníonn tú do Mhac,
A Mháthrín?
Óchón agus óchón-ó!

An é sin an Maicín
A hoileadh in ucht Mháire?
Óchón agus óchón-ó!
An é sin an Maicín
A rugadh insan stábla?
Óchón agus óchón-ó!

An é sin an Maicín
A d'iompair mé trí ráithe?
Óchón agus óchón-ó!
A Mhicín mhúirneach,
Tá do bhéal 's do shróinín gearrtha,
Óchón agus óchón-ó!

Cuireadh tairní maola
trína chosa 's trína lámha,
Óchón agus óchón-ó!
Cuireadh an tsleá
Trína bhrollach álainn.
Óchón agus óchón-ó!
Óchón agus óchón-ó!

Tá an sraith seo ar fáil ar Sheinnteoir TG4 am ar bith, ar fud na cruinne / This series is available to watch on the TG4 Player - Watch anytime, anywhere all over the world 🌎🎶 ➡️ https://nasc.tg4.tv/Comhluadar_Ceoil

Subscribe to TG4’s Irish Traditional Music Channel on YouTube ➡️ http://bit.ly/2V8xyBG
Glac síntiús chuig Cainéal Ceoil TG4 ar YouTube➡️ http://bit.ly/2V8xyBG

#ComhluadarCeoil #TradTG4 #CeolTG4 #TG4

Комментарии

Информация по комментариям в разработке