Nuala Ní Dhomhnaill - Íota an Bháis - A Poet's Rising

Описание к видео Nuala Ní Dhomhnaill - Íota an Bháis - A Poet's Rising

Íota an Bháis.

Can amach ainm an Raithilligh.
B’fhíor gach ní adúirt Yeats;-
Munar thaoiseach é ó thús ó dhúchas,
Do bhaist sé é féin le fuil.

Ba gheall é leis an Samhildánach
Ag teacht go doras an dúna.
An raibh bua ar bith de bhuanna an domhain
Nach raibh aige in aonacht?

Má bhí ceol uathu, ba cheoltóir é
Do sheinn an pianó is do chanadh.
Má ba ealaíon, ba ealaíontóir ,--
Do línigh sé armas is craobha ginealaigh.

Bhí sé ina fheidhmeannach, ina iriseoir.
Bhí Fraincís ar a thoil aige.
Do thiomnaigh sé a bhuanna go léir
Do Cháit Ní Dhuibhir, don chúis náisiúnta.



Chaith sé deireadh seachtaine iomlán na Cásca
Ag taisteal bóithre na Mumhan
Ag cur ordú cealaithe Mhic Néill i bhfeidhm
Ó Chiarraí go Tiobraid Árainn

Mar sin féin, nuair a tháinig an Luan
Is gur thuig sé go raibh an cath coiteann,
Do thiomáin sé go hArd-Oifig an Phoist.
Ina ghluaisteán De Dion-Bouton.

Má fhiafraíonn éinne cad í an chúis
Leis an athrú, tá’s againn a chuid focal;-
‘Nó gur chabhraíos chun an clog a thochras
Tá sé chomh maith agam é a chlos ag bualadh’.

Ach má tá rud ar bith go bhfuil a chlú
Is a cháil ag brath air, tá sé mar thoradh
Ar an bhfogha a tugadh síos Sráid Uí Mhórdha
Is é féin i gceannas an ruathair.





Bhí daoine níos ciallmhaire ná é,
A thuig gur ruathar é in aisce,
Go raibh meaisín-ghunna ag arm Shasana
A dhéanfadh ciota fogha dos na fearaibh.

Ach do sheas sé sa bhearna baoil.
Ni hamháin gur sheas ach do shiúil ann.
Thuig gur gníomh buile ab ea an t-Éirí Amach
Ach má b’ea, ba bhuile ghlórmhar.

An lá a chuas ar thuras siúlóide
Ag leanúint lorg an Rathailligh
Bhí léirsiú ar siúl ar fuaid an bhaill
Agus agóid i Sráid an Mhórdhaigh.

Is é a dúirt muintir na sráide
Is iad ag caint go líofa ón ardán
Gur deineadh faillí ar an áit d’aonghnó
Is gurb é an Stát a bhí ciontach san éagóir.

‘Céad biain ó shoin, le linn an Éírí Amach
Do throideamair in aghaidh na Sasanach.
Anois táimid i gcoinne ár muintire féin.’
An náire dhamanta, an íoróin.


Mar do chuimhníos láithreach ar an bhfear
A luafar go deo mar ghaiscíoch.
A ruathar mire fan na sráide céanna
Is claíomh ina láimh aige á bheartú.

Nuair a thángas go dtí an leac comórtha
Mar a bhfuil fáil ar a scríbhinn dheireanach,
Ní fhéadfainn na focail a dhéanamh amach
Tré bheith geamhchaoch ó ghol agus le déistin.

Ag cuimhneamh ar an bhfear a scrígh
Ag fáil bháis go mall is go hanacrach.
Naoi n-uair an chloig déag ag céiliúr
Gan gearán ná éagaoin, is fós gan cabhair.

Is sa deireadh nuair a rug íota an bháis
Ar a scórnach is gur lorg sé uisce
Níor scaoileadar chuige oiread is deor
Le teann díoltais agus mioscaise.



Mar sin can amach ainm an Rathailligh
Can amach go deo a ghlóir.
An t-aon duine de cheannairí na Cásca
A cailleadh ar pháirc an Áir.


Music by Colm Mac Con Iomaire
Narrated by Mia Gallagher
Directed by Pádraig Burke

Комментарии

Информация по комментариям в разработке