Oíche Airneáin le Pól Ó Ceannabháin agus a mhuintir | Oíche Chultúir sa Ghaeltacht | Culture Night

Описание к видео Oíche Airneáin le Pól Ó Ceannabháin agus a mhuintir | Oíche Chultúir sa Ghaeltacht | Culture Night

Is é Pól Ó Ceannabháin Ambasadóir na Gaeltachta do #OícheChultúir 2020. Beidh Oíche Airneáin 'Teaghlach' aige lena mhuintir don ócáid. Seo Pól le Caitríona, Paraic & Bríd.

Is fada an lá cáil na n-amhrán agus na scéalaíochta ar cheantar Iorras Aithnigh agus níl baile fearainn sa dúthaigh sin is mó atá luaite leis an bhfonnadóireacht ná an Aird Thoir.

Ó tosaíodh ar aitheantas a thabhairt don sean-nós agus ó thús ré na bailitheoireachta, bhí triall na scoláirí agus na gcraoltóirí ar an Aird Thoir agus fios maith acu go mbeadh scoth na n-amhránaithe ann rompu agus saibhreas iontach amhrán le gabháil acu dóibh. Go deimhin tá Gradam Ceoil TG4 don amhránaíocht buaite ag fear ón mbaile seo cheana (Dara Bán Mac Donnchadha, 2007).

Thuill na Ceannabháin ar an mbaile sin áit ar leith i measc lucht an tsean-nóis na blianta fada ó shin. Is cruthúnas ar mhianach na muintire sin go bhfuil fonnadóirí den scoth síolraithe astu leis le cheithre ghlúin ar a laghad. Más í Máire Gabha an chéad duine den treibh iomráiteach seo a tharraing aird ar an Aird Thoir, tá a clann agus a gclann siúd á dhéanamh ó shin.

Is den tríú glúin acu é Pól Ó Ceannabháin, mac le Michael Mháire Gabha – fonnadóir agus ceoltóir iomráiteach é féin - agus ba léir óna óige go raibh bua agus scil na sinsear tugtha leis aige agus a chuid féin curtha leis an oidhreacht sin aige.

Tá an sean-nós go smior ann agus é ar a chompord agus gan stró agus é a gabháil fhoinn. I gcruthúnas ar an gcumas sin, bhuaigh Comórtas na bhFear ag Oireachtas na Gaeilge i 2005 agus gan é ach naoi mbliana déag. Ba léir nach fada go mbeadh príomh-chomórtas an tsean-nóis, Corn Uí Riada, aige freisin agus tháinig an tuar faoin tairngreacht sin nuair a bhuaigh sé an Corn sin ag Oireachtas na Samhna i 2012.

Thug sé léargas ar oidhreacht shaibhir amhránaíochta a mhuintire agus a dhúthaigh sa gclár teilifíse Fonnadóirí na hAirde a chuir sé i láthair do TG4 beagán le cois dhá bhliain ó shin. Beidh sé ina láithreoir ar shraith cheoil do TG4 go luath freisin – Tobar an Cheoil sraith mhealltach do dhaoine óga ina bhfuil léiriú mealltach anamúlachta déanta ar roinnt de na hamhráin Ghaeilge is aitheanta ar fa

Le Chéile Trí Chultúir ar Oíche Chultúir sa Ghaeltacht agus ar líne.

Комментарии

Информация по комментариям в разработке