Dairena Ní Chinnéide

Описание к видео Dairena Ní Chinnéide

I measc a naoi gcnuasach filíochta foilsithe go dáta ag Dairena tá An Trodaí & Dánta Eile/The Warrior & other Poems (Cló Iar-Chonnacht, 2006), Poll na mBabies (Coiscéim, 2008), Cloithear: Aistear Anama (Coiscéim, 2013), Labhraíonn Fungie/Fungie Speaks (Ponc Press, 2015). Tá dánta léi foilsithe in irisí in Éirinn agus thar lear. Ina measc: The Irish Times, Poetry International, Southword, Comhar, Feasta, Percutio, The Stinging Fly, The Trumpet, Poetry India. Craoladh dhá dhráma raidio dá cuid ar RTÉ. Is iomaí stáitse gairmiúil féna cosa ó Éirinn go Meiriceá: IMRAM, Féile an Earagail, Féile na Bealtaine, Féile Bheag Filíochta, Electric Picnic, Spirit of Folk Festival, West Cork Literary Festival, Cúirt, Ó Bhéal, Centre Culturel Irlandais, Páras, Litterheuset Oslo, American University (AU), Washington D. C., AWP, Bostún, srl. D'aistrigh sí bailiúchán de shaothar an bhanfhile Marina Tsvetaeva ón Rúisís le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus IMRAM. I measc na ngradam atá buaite aici tá an Patrick & Katherine Fellowship in 2016. Iarchraoltóir agus iriseoir í agus bhí sí ina bainisteoir stiúrtha ar an gcomhlacht scannánaíochta Smerbhic Teo. agus d'oibrigh mar ateangaire i bParlaimint na hEorpa.

Комментарии

Информация по комментариям в разработке