Agóid ar bun faoin easpa tithíochta i nGaillimh | Nuacht TG4

Описание к видео Agóid ar bun faoin easpa tithíochta i nGaillimh | Nuacht TG4

Tá agóid ar bun ag grúpa feachtasaíochta taobh amuigh de Halla na Cathrach i nGaillimh le haird a tharraingt ar an easpa tithíochta sa chathair.

Tá an grúpa ag iarraidh ar an gComhairle Cathrach a fhógairt go bhfuil géarchéim náisiúnta ann anois mar gheall ar easpa tithíochta agus ar an méid daoine atá ag codladh ar na sráideanna.

Dá bhfógrófaí géarchéim náisiúnta, a deir an grúpa, d'fhéadfaí iarratas a dhéanamh ar chiste speisialta san Eoraip le hinfheistíocht a fháil agus bheadh deis ag an Rialtas reachtaíocht éigeandála a thabhairt isteach le dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Creideann an grúpa gur cur amú airgid é an €900,000 euro atá an Chomhairle Cathrach a chaitheamh gach sé mhí le lóistín a chur ar fáil in óstáin agus in ionaid eile i nGaillimh do dhaoine atá gan dídean.

Maíonn siad nach bhfuil an Chomhairle Cathrach ag déanamh a ndóthain ach an oiread le láithreacha cearta a chur ar fáil don lucht siúil.

Комментарии

Информация по комментариям в разработке