Ispíní le hÉirí Gréine le Seosamh Ó Murchú

Описание к видео Ispíní le hÉirí Gréine le Seosamh Ó Murchú

Éist anseo le @Seosamh Ó Murchú ag rá Ispíní le hÉirí Gréine do #PoetryDayIRL le Poetry Ireland / Éigse Éireann.

Is é #TreoNua téama na bliana seo.

ISPÍNÍ LE hÉIRÍ GRÉINE
Do Shíle


Níor cheart iad a ithe
Ach anois is arís
Ar ócáidí ar leith
Leithéidí an ama sin
A rabhamar ag prapáil
Le haghaidh a thabhairt
Ó thuaidh ar an Iorua
Fad a bhí do mham
San Afraic Theas
Agus í ag dul i ngleic
Le hiarmhairtí dorcha
Uabhar an chine ghil,
Is do dheartháir in Chicago
Ag baint súp as an J1
Ag bailiú uimhreacha ban
Ar naipcíní in Stella’s Diner.


Aneas as Cloich na Coillte
A thángadar tráth a rabhais
I ngrá le gach ní as Corcaigh.
Shíneadar amach go mustrach
Ag déanamh bolg le gréin
faoi lasair an ghríoscáin
Is bhíos aireach ina mbun
Ar eagla go ndófaí iad
Is go séidfeadh an t-aláram
Ag fógairt mo neamhchumais
I mbun na nithe is bunúsaí.
Ach bhíodar blasta is méith
Is ba mhaith an taisce iad
In aghaidh na laethanta troscaidh.

Nóta Beathaisnéise:
Dhá chnuasach filíochta le Seosamh Ó Murchú atá foilsithe, Taisí Tosta (2015) agus Athchuairt (2019). Tá sé ina Eagarthóir Sinsearach sa Ghúm agus bhí sé ina chomheagarthóir ar an iris liteartha Oghma (1989-99). Is as Loch Garman ó dhúchas dó agus tá cónaí air le fada i mBaile Átha Cliath.

Focal faoin Dán:
Scríobh mé an dán seo roinnt blianta ó shin taca an ama a bhí mé féin agus m’iníon ar triall ar an Iorua ar saoire. Ag an am sin leis bhí muintir eile an teaghlaigh scaipthe in áiteanna éagsúla ar fud an domhain. Dá fhad ó bhaile a théann an duine, áfach, bíonn na heachtraí beaga pearsanta breactha go buan ar léarscáil an chroí, agus sólás ag baint leo. Iarracht atá sa dán seo ar na snáitheanna sin a tharraingt le chéile.

Foinse: Focail agus dán le Seosamh Ó Murchú

Комментарии

Информация по комментариям в разработке