Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Описание к видео Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Tá athruithe móra tar éis teacht ar an ról atá ag an nGaeilge sna heagraíochtaí stáit ó foilsíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 i mí na Nollag an bhliain sin. Tá státseirbhísigh ag dul i ngleic go fóill leis na dúshláin chomh maith leis na deiseanna nua atá tar éis teacht chun solais san Acht leasaithe sin.

Chuige sin, tá an seimineár gréasáin seo á chur ar fáil ag Gaelchultúr, i gcomhar le hOifig an Choimisinéara Teanga, chun príomhthéamaí an Achta a phlé. Is é Páidí Ó Lionáird, Bainisteoir Cumarsáide Oifig an Choimisinéara Teanga, a chuireann an seisiún i láthair.

Reachtaítear an seimineár seo mar chuid de ghreasáin nua Ghaelchultúir Greasán na Gaeilge, tionscnamh atá dírithe ar dhuine ar bith ar spéis leis an nGaeilge nó a bhfuil baint acu léi, foghlaimeoirí, cainteoirí líofa agus fostaithe de chuid na hearnála poiblí ina measc.

Glac ballraíocht saor in aisce le Gréasán na Gaeilge agus deimhnigh d’áit ar an chéad seimineár eile: https://www.gaelchultur.com/ga/cursai...

Комментарии

Информация по комментариям в разработке