Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha - Amhrán Mhuínse | Amhráin is Ansa Liom | Sean-Nós TG4

Описание к видео Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha - Amhrán Mhuínse | Amhráin is Ansa Liom | Sean-Nós TG4

Máirtín Tom Sheáinín sings 'Amhrán Mhuínse' on an episode of the TG4 series Amhráin is Ansa Liom, recorded in 2010. Lyrics below.

Seo hé Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnacha ag canadh 'Amhrán Mhuínse' ar an gclár Amhráin is Ansa Liom sa bhliain 2010. Liricí thíos.

Tá Cartlann Sean Nóis TG4 ar fáil ach cliceáil anseo / TG4's Sean-nós singing archive is available here ➡️ http://seannos.tg4.ie/

Subscribe to TG4’s Irish Traditional Music Channel on YouTube / Glac síntiús chuig cainéal ceoil TG4 ar YouTube ➡️ http://bit.ly/2V8xyBG

#Cartlann #SeanNós #TG4 #TradTG4 #CeolTG4

Amhrán Mhuínse

Dá mbeinn trí léig i bhfarraige nó i sléibhte i bhfad ó thír
Is gan éinne beo i mo ghaobhar ann ach an raithneach ghlas is fraoch
An sneachta a bheith ag titim anuas orm, is an ghaoth dhá fhuadach dhíom
Mé bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, is níor bhfada liom an oíche'.

Ó gearraí' amach mo chónra dhom ó thogha na péine is fearr,
Is má tá Seán Ó hEidhin i Muínis bíodh sí déanta óna dhá láimh,
Bíodh mo chaipín is mo ribín gheal inti, is iad go ró dheas ar mo cheann,
Tá triúr ban óg ó shliabh agam le mé chaoineadh os cionn cláir.

Is ag dul siar le Inse Ghainimh dhom, bíodh an bhratach ina crann
Ná cuirí' i Leitir Caladh mé, mar ní ann atá mo dhream
Ach tugaí' siar go Muínis mé san áit a gcaoinfear mé os ard,
Beidh soilsí ar na dumhchanaí 's ní bheidh uaigneas orm ann.

Комментарии

Информация по комментариям в разработке