'Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair' -- Dáithí Sproule

Описание к видео 'Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair' -- Dáithí Sproule

Irish Gaelic song

Lyrics:

Céad slán ag sléibhte maorga chondae Dhún na nGall
Agus dhá chéad slán ag an Earagal ard, ina stua os cionn caor 's call
Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich, go ciúin sa ghleann ina luí
I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair, is beag nár bhris mo chroí.

Ag taisteal domh amach fríd chnoic Ghleann Domhain, 's an Mhucais ar mo chúl
Ní miste domh 'rá le brón 's le crá, ghur fhreasach a shil mise súil
Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall, i bhfad thar an fharraige mhór
D'fhág mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall, 's ag Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.

Slán, slán go fóill a Dhún na nGall, a chondae shéimh gan smál
'S do d'fheara breá in am an ghá, nár umhlaigh riamh roimh Ghall
Tá áit i mo chroí do gach fear a gach mnaoi, 's gach páiste beag agus mór
Atá beo go buan, gan bhuairt gan ghruaim, fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.

Комментарии

Информация по комментариям в разработке