Caoineadh na dTrí Mhuire - John Joe Mac Con Iomaire

Описание к видео Caoineadh na dTrí Mhuire - John Joe Mac Con Iomaire

John Joe Mac Con Iomaire agus leagan fíorálainn aige de Chaoineadh na dTrí Mhuire.

An é sin an maicín a d'iompair mé trí ráithe?
(Ochón agus ochón ó!)
Nó 'n é sin an maicín a rugadh ins an stábla?
(Ochón agus ochón ó!)

Nó an é sin an maicín a hoileadh in ucht Mháire?
A mhaicín mhuirneach, tá do rós-bhéilín gearrtha.

Chrochadar suas í ar ghuaillí arda
'Gus chuireadar anuas í faoi leacrachaí na sráide

Buailigí mé féin ach ná bainidh le mo mháithrín
Maróidh muid thú féin agus buailfidh muid do mháithrín.

Cuireadh culaith róin air le spídiúlacht a namhaid
'Gus cuireadh an tsleá thrína bhrollach álainn.

Cuireadh go Calvary é ag méadú ar a pháise
Bhí sé ag iompar na croise 'gus Síomón lena shála

Éist, a Mháthair 'gus ná bí cráite
Tá mná mo chaointe le breith fós, a mháithrín.

Комментарии

Информация по комментариям в разработке