Patsy Ó Ceannabháin - Tóigfidh Mé Mo Sheolta

Описание к видео Patsy Ó Ceannabháin - Tóigfidh Mé Mo Sheolta

Tóigfidh mé mo sheolta go Dúiche Sheoigheach ar maidin,
Ar cuairt chuig mo mhíle stóirín is go deo deo ní chasfad,
Go dtaga bláth buí ar an eorna is go dtosaí an fómhar ag goil 'un finne,
Is nach rí-dheas an rud í an óige is i ndiaidh mo stóirín atá mise.

Agus thuas i gciumhais an tsléibhe atá an phéarla a bhíonns mo mhealladh,
Buachaillín na gruaige báine a bhfuil fáthadh an gháire faoina hata,
Agus gheall sé dhom go bpógfadh sé mo rós-bhéilín meala,
Is ní léir dhom na crosbhóithre ag na deora do mo dhalladh.

Agus tá a fhios ag na daoine gur iomaí smaoineamh crua deacair,
A théanns trasna thrí m'intinn is mé i mo chodladh ar mo leaba,
Ach más fortún é atá i ndán dom is gan agam a ghoil thairis,
Bí romham ag na crosbhóithre is beidh muid pósta ag goil abhaile.

Tá féar fada agus fásach i ngleanntaí álainn i bhfad ó bhaile,
Is tá úllaí agus sú craobh ann ag fás go hard ar bharra cranna,
Ach is cuma liomsa céard déarfas aon neach, ní hé mo chéadsearc a déarfas tada,
Más í do mháithrín atá i do dhiaidh orm, fuil a croí istigh ar leac an teallaigh.

Комментарии

Информация по комментариям в разработке