Josie Sheáin Jeaic Mac Donnchadha - Amhrán Rinn Mhaoile

Описание к видео Josie Sheáin Jeaic Mac Donnchadha - Amhrán Rinn Mhaoile

Lyrics:
Scríobhfainn agus léifinn leabhair Gaeilge cé gur milis é a bhlas,
'Gus dhéanfainn céachta Gaelach a réabfadh an iomaire glas,
Ó dhéanfainn teach téagair dho mo chéadsearc is bhréagfainn í seal,
Ó 'gus fear ar mo thréithre dheamhan féidir nó d’éalódh leis bean.

Is tá mé i mo shuí ó ghlaoigh an coileach aréir,
Ag cur na tine seo síos do mo mhian is dhá fadú liom péin,
A Mhuire 'gus a Chríost ó, nach cloíte le n-aithris mo scéal,
Na coiligh a bheith ag glaoch is Rinn Mhaoile ina gcodladh ach mé fhéin.

Is nár fhágha mé bás choíche nó go gcaithfidh mé dhíom an mí-adh,
Go mbeidh bó agam is caoirigh is mo mhian ar an mbaile údan thall,
Tá bean óg sa tír seo atá ag cur eadrainn gach aon darna lá,
Ach nár fhágha sí bás choíche go mbeidh sí ag caoineadh is mise ag mo ghrá.

Is a bhuachaillín bháin ní ábhar mór magadh dhuit mé
Níl agat le rá liom ach amháin go bhfuil mé gan spré
Ach tá mise lán tsásta ó má bhíonn tú lách soineanta réidh
D'ólfainn deoch as muga bán leat, tá grá a'am do lorg do bhéil.

'Gus tá siad dá rá go bhfuil grá ag Neainsín dhom fhéin
'Gus ar ndóigh, má tá, mo chrá ní miste leat é,
Naoi n-oíche, is naoi lá, naoi dtráth 'gus aon tseachtain déag
A chaith mise 'gus mo ghrá a' siúl fásach a' piocadh sú craobh

Комментарии

Информация по комментариям в разработке