Tá na Páipéir dhá Saighneáil - Síle Denvir | Official Video / Físeán Oifigiúil

Описание к видео Tá na Páipéir dhá Saighneáil - Síle Denvir | Official Video / Físeán Oifigiúil

'Tá na Páipéir dhá Saighneáil' is the second single from the 2023 album 'Anamnesis' by Síle Denvir.

Físeán le / Video by: Dónal Glackin

Song Credits / Teidil chreidiúna:
Traditional, arranged by Síle Denvir and John Reynolds / Traidisiúnta, cóirithe ag Síle Denvir agus John Reynolds
Cello / Dordveidhil: Caroline Dale
Copyright / Cóipcheart: Síle Denvir & John Reynolds
Produced by / Léirithe ag: John Reynolds
Recorded in / Taifeadta i: New Aer Studios, Kilburn, London
Recorded, mixed and mastered by / Taifeadta, measctha agus máistrithe ag: John Reynolds

Le tacaíocht ó 'Foras na Gaeilge'
Lyrics / Liricí:
Tá na páipéir dhá saighneáil is tá na saighdiúir ag dhul anonn
Tá drumadóirín aoibhinn aerach ag Clanna Gael ag dhul go Tír na Long
Dhá mbeadh agam is dhuit a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó
Ar chuntar thú a bheith in d’fhéirín liom go Contae Mhaigh Eo.

Ar mo luí dhom ar mo leaba sí mo osna bhíonns mór
Is ar m’éirí dhom ar maidin sí mo phaidir mo dheoir
Tá gruaig mo chinn ag titim ’s ag imeacht mar an gceo
’S le cumha i do dhiaidh, a stóirín, ní bheidh mé i bhfad beo.

Nuair a éirím amach go huaigneach sea bhreathnaím uaim ar an gcnoc úd thall
Bím ag smaoineamh ar do chúilín dualach a d’fhág an chrua-arraing thrí mo lár
Tá mo chroí istigh ina leac dhe ghual dubh ’s fear mo thruaigh níl ach Rí na nGrást
Is pé ar bith cailín óg a bhéarfas uaim thú, go síntear suas í i gcóntra chláir.

Tá mo stocaí uilig stróicthe ’s tá mo phócaí gan pingin
Tá mo nuachulaith phósta ar ndóigh gan sníomh
Tá giní i dteach an óil orm ’s níor ól mé ariamh braon
Sé mo léan géar, a mhíle stóirín, gan mé is tú óg seal arís.

’S nach aoibhinn do na héiníní a éiríonns go hard
’S a bhíonns ag ceiliúradh le chéile ar aon chraoibhín amháin
’S ní mar sin dhom fhéin ná mo chéad mhíle grá
’S fada fánach óna chéile a bhíonns ár n-éirí gach lá.

Translation
The papers are signed and soldiers go over
The sweet drums of Clanna Gael going abroad
If I had two thousand and one hundred cattle I’d gladly give them to you
If you came with me to County Mayo.

My sighs are loud as I lie on my bed
As I rise in the morning tears are my prayers
I’m losing my hair to the mist as it goes
And pining for you darling, I will not live long more.

I wake forlorn and stare at the mountain
Thinking of your tressed form that put an arrow through my heart
My heart is but a coal black stone, wasting away before the King of Grace
Whichever young girl who takes you from me, may she be stretched in a coffin.

My socks are all torn and not a penny in my pocket
My bridal suit is unmade
There’s a guinea on my tab, and I never drank a drop
My grief, my dearest darling, that we not have our youth once more.

How beauteous for the birds that sing on high
Hanging together on one single branch
Unlike the tale of me and my one true love
Rising each morning so far apart.

Комментарии

Информация по комментариям в разработке